Seachtain na Gaeilge i gColáiste Regina Mundi – Lá 1

March 9, 2026

Bhí tús spleodrach againn le Seachtain na Gaeilge inniu i gColáiste Regina Mundi! Bhí tionól speisialta againn ar maidin le ceol agus rince Gaelach, rud a chuir tús iontach leis an tseachtain.
Ina dhiaidh sin, bhí deis ag daltaí na Ceathrú Bliana féachaint ar an scannán Róise agus Frank!
Táimid ag súil go mór leis na himeachtaí eile atá le teacht i rith na seachtaine!