Bhí deireadh seachtaine iontach againn i gCorca Dhuibhne le lucht na hardteiste. Chuaigh siad go dtí an t-uisceadán i nDaingean Uí Chúis tráthnóna Dé hAoine. D’ith siad béile blasta in sna tithe agus chaith siad an oíche ag déanamh zumba ina dhiaidh sin.
D’fhreastail siad ar ranganna maidin Dé Sathairn. I ndiaidh am lóin chuaigh siad ar turas treoraithe timpeall Ceann Sléibhe, ag stopadh ag
Trá Com Dhíneol
agus Ionad an Blascaoid Mhóir. Bhí céilí acu an oíche sin in éineacht leis na daltaí ó Chill Chainnigh.
D’fhág siad an Ghaeltacht maidin Dé Domhnaigh. Bhain siad go léir taitneamh agus tairbhe as an deireadh seachtaine sa Ghaeltacht. Beidh siad go léir ag tnúth do na scrúduithe béil anois.