Eagraíodh tionól speisialta i rith na seachtaine chun tús oifigiúil a chur le Seachtain na Gaeilge i gColáiste Regina Mundi. Fógraíodh na himeachtaí a bheadh ar siúl i rith na seachtaine. Labhair na daltaí faoi chuspóirí na seachtaine agus turas na séú bliana go dtí an Ghaeltacht le linn an tionóil chomh maith. Chanamar go léir Amhrán na bhFiann ag an deireadh faoi stiúir an tUasal Ó Finn.
Beatha teanga í a labhairt.