Bhain lucht na hArdteiste taitneamh as an gceardlann Caith Amach É ar maidin. Bhuail High Rock Productions isteach chucu chun ceardlann bheo ar na sraith pictiúr a chur i láthair dóibh. Bhí Ed Sheeran, Elsa agus Olaf i measc na láithreoirí. Ceardlann idirghníomhach a bhí ann. Ghlac roinnt daltaí páirt inti. Fuair siad treoracha don chaint chomh maith.