Bhí deireadh seachtaine den scoth ag Muintir na Séú Bliana ag an nGaeltacht i gCorca Dhuibhne. Chuadar go dtí an t-uiscedán sa Daingean, bhi céilí acu an dá oíche, bhí ranganna comhrá ar maidin Dé Sathairn agus turas suimiúil agus fíor álainn timpeall ar Cheann Shléibhe. Buíochas mór leis na daltaí agus na múinteoirí a ghlac páirt sa turas.